You are here

Tá torthaí an Phróiseas Measúnaithe maidir le forbairt a dhéanamh ar na seirbhísí ospidéil i nGailllimh agus an Staidéar ar Ospidéal Roghnach Réigiúnach foilsithe ag Saolta An Grúpa Ospidéil um Chúram Sláinte, anois

D’fhoilsigh Saolta An Grúpa Ollscoile um Chúram Sláinte torthaí an phróisis measúnaithe a rinneadh faoi na bealaí is fearr chun na seirbhísí ospidéil a fhorbairt sa todhchaí ar mhaithe le sláinte na n-othar in Iarthar agus in Iarthuaisceart na hÉireann a aithint.

THUG KPMG/AECOM agus na hAiltirí Scott Tallon Walker faoi phróiseas fhairsing measúnaithe . Rinneadh anailís mion ar an mbonneagar atá ann cheana in Ospidéal Ollscoile na Gaillimhe agus in Ospidéal Ollscoile Pháirc Mheirlinne maraon le staidéar ar na riachtanais speisialtóireachta leighis atá sa réigiún seo faoi láthair maraon leis na riachtanais a bheidh ann sa todhchaí 

Dúirt Antoin Ó Ceannnabháin POF an Ghrúpa Saolta, “Ba é an toradh ar  an phróiséas measúnaithe seo ná gur Ospidéal den 4ú Múnla an rogha fad-téarmach is fearr chun freastail ar riachtanais  an cheantair fairsing tíreolaíochta atá faoina chúram ná ospidéal  1,150 leaba  a bheadh feiliúnach don fheidhm a thógáil ar shuíomh Ospidéal Pháirc Mheirlinne.  Rachaidh oispdéal den 4ú Múnta chun leasa an breis agus 800,000 duine a bhfuil cónaí orthu san Iarthar agus san Iarthuaisceart agus freastalóidh sé ar othar as Tír Chonaill, Sligeach agus Liatroim maraon le hothair as Maigh Eo, Ros Comáin agus Gaillimh . Beidh cóir leighis ar fáil don 14,000 othar a théann go Baile Átha Cliath gach bliain agus is cuid bhunúsach é den sreabhadh othair éifeachtach agus den rochctain réigiúnach ó ospidéil eile Saolta”.

Dúirt an Dr Pat Nash, Stiúrthóir Cliniciúil Saolta, “Rinne muid cinneadh tabhairt faoin anailís casta seo ar mhaithe le hospidéal den 4ú Múnla a fháil do réigiún an Iarthair ina mbeidh na caighdeáin cleachtais is fearr ann anois agus sa todhchaí a rachaidh chun sochar ár n-othair. Moltar ospidéal dian-chúram nua a fhorbairt ar shuíomh Pháirc Mheirlinne tar éis staidéar cuimsitheach a dhéanamh ar na háiseanna atá ann faoi láthair agus fuarthas amach nach raibh an chuid is mó den bhonneagar  atá ar an dá shuíomh  sásúil chun na múnlaí Cúraim a bheidh ag teastáil sa todhchaí a chur ar fáil. Fuarthas amach nach raibh 64% den bhonneagar in Ospidéal na hOlscoile Gaillimh agus 95% den bhonneagar in Ospidéal Pháirc Mheirlinne sásúil/inghlactha chun  freastail ar na riachtanais cúraim atá ann faoi láthair.  Rinneadh anailís mion ar an éileamh agus ar na hacmhainní atá ar fáil maraon le measúnú ar an éileamh ar sheirbhísí faoi láthair agus an t-éileamh measta a bheidh ann go 2031 mar chuid den phróiseeas measúnaithe seo.  Fuarthas amach go mbeidh fás suntasach idir seo agus 2031 ar an éileamh, fiú má chuirtear tacaíocht hreise ar fáil do na seirbhísí bunchúraim agus má bhaintear spriocanna éifeachtúlachta uaillmhianacha amach  de bharr an stádas atá ag Ospidéil na hOllscoile Gaillimh mar ionad atreorathe treasach don réigiún, agus mar ionad ailse réigiúnach.”

Ospidéal Roghnach
Rinneadh Staidéar Measúnaithe ar na roghanna maidir le hospidéal réigiúnach roghnach a fhorbairt i nGaillimh mar chuid den staidéar seo, freisin. Tá coimriú le fáil ann ar na hacmhainní , achmhainní bonneagair ina measc atá ag teastáil chun ospidéal roghnach a fhorbairt chun freastail ar an réigiún uilig. Tá sé seo ar cheann na príomh tionscadail sláinte a cheadaigh an Rialtas ina bplean Tionscadal Éireann 2040 a foilsíodh anuraidh agus i bPlean Chaipitil FnaSS a foilsíodh i 2019. Is é suíomh Ospidéil Pháirc Mheirlinne , an suíomh is feiliúnaí don ospidéal réigiúnach roghnach dar leis an staidéar seo. 

Luaitear sa staidéar go mbeadh rochtain níos fearr ar chúram roghnach agus nach mbeadh na hothair ag fanacht chomh fada céanna agus go gcuirfí níos lú obráidí ar ceal dá mbeadh an t-ospidéal nua lonnaithe ar shuíomh Pháirc Mheirlinne. Bheadh an Grúpa Saolta ábalta níos mó obráidí lae a dhéanamh agus ní bheadh ar dhaoine ag fanacht chomh fada, de réir an chleachtais idir náisiúnta is fearr.  Bheadh an córas ag feidhmiú níos féarr dá ndéanfaí idirdhealú soiléir idir na seirbhísí dianchúram agus na seirbhísí eile dá dtógfaidh áis roghnach ar leith. Ina theannta sin, beidh Ospidéil na hOllscoile Gaillimh ábalta na liostaí feithimh a laghdú go mór; deighilt a dhéanamh idir an acmhainn roghnach chinnteofaí go mbeadh an dianchúram socraithe agus nach gcuirfeadh aon othair práinneach i limistéar Saolta isteach air.

Is mion obráidí  nó obráidí chasta a bheidh sna gnáthaimh seo agus bheifí ábalta iad a phleanáil go héifeachtach de bharr gur féidir an t-am a thógfaidh an obráid a thuar agus iad a dhéanamh in obrádlanna ar leith. 

Beidh an t-ospidéal roghnach seo ag freastail ar othair a bhfuil gnáthaimh roghnach le fáil acu, chomh maith le seirbhísí diagnóisice ar nós ionscópacha agus cúram siúl.  

• Méadófar líon na n-obráidí lae de réir an chleachtais is fearr.

• Beidh sé in ann freastail ar cheantair níos fairsinge ná ceantar Saolta faoi láthair de bhrí gur moll réigiúnach a bheidh ann agus go mbeadh sé ar cheann de thrí ospidéal roghnach náisiuta ( tá an péire eile i mBAile átha cliath agus i gCorcaigh 

• Beidh an t-ospdéal roghnach a thógfar ar shuíomh Pháirc Mheirlinne mar an chéad chéim sa bhfís chun Ospidéal dianchúram a lonnú ar an suíomh seo. Dá bhfíorófaí an fhís seo bheadh campas sláinte ar fáil  a thabharfadh cúram tánaisteach do phobal na Gaillimhe agus cúram casta/ treasach do phobal an réigiúin. Bheadh áiseanna nua-aimseartha ar fáil do phobal an iarthair agus an iarthuaiscirt agus an chóiríocht chun freastail ar éileamh sa tochaí.

Na forbairtí atá ag teastáil ar shuíomh Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh sa ngearrthréimhse

Dúirt Antoin Ó Ceannnabháin POF an Ghrúpa Saolta, “Tuigeann muid go dtógfaidh sé seo go leor ama chun bonneagar den scála seo a fhorbairt agus go bhfuil obair thar a bheith riachtanach le déanamh chun forbairtí bonneagair atá ceadaithe a thógáil ar shuíomh an Ospidéil seo idir an dá linn, ina measc Rannóg éigeandála nua, áis raideolaíochta oinceolaíochta nua agus athfhorbairt ar an Saotharlann Fola agus fíocháin. Tá siad seo ag teastáil go géar ó tharla go bhfuil an tOspidéal seo rangaithe mar Ionad Ailse Supra-Réigiúnach..”

Dúirt Chris Kane Bainisteoir Ginearálta, Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh, “Aithníodh mar chuid den phróiseas measúnuithe go raibh géarghá le forbairtí áirithe láithreach ar shuíomh an Ospidéil seo. An ceann is tábhachtaí ná an Rannóg éigeandála nua a thógáil agus a mhaoiniú. Tá Aonad nua do Mhná agus do Leanaí ar na hurláir uachtaracha á phlé againn  leis an FnaSS faoi láthair. Moladh freisin sa staidéar go dtógfaidh saotharlanna paiteolaíochta nua maraon le háiseanna ailse nua.  Beidh an t-ospidéal in ann clinicí mear-rochtana  a chur ar fáil sna háiseanna ailse nua maraon leis an Ionad um chúram siúl in áit an ionaid lae agus na háiseanna eisothair a tógadh sna 1950-adaí agus nach bhfuil sách maith le seirbhís ailse nua-aimsearach a chur ar fáil. Tá géarghá leis na forbairtí seo anois chun na háiseanna easnamhacha atá ann a fheabhsú agus chun deis a thabhairt dúinn bogadh amach as suíomh an ospidéil seo de réir a chéile. Tá géarghá leo freisin  mar go meastar go dtógfaidh sé 15 bliain ar a laghad chun an t-ospidéal dianchúram nua a thógáil agus chun go mbeadh an Grúpa in ann seirbhís sábháilte  d’ardchaighdeán a chur ar fáil do na hothair sa réigiún idir an dá linn.”

Dúirt Antoin Ó Ceannnabháin POF an Ghrúpa Saolta, “Dírítear aird sa tuairisc ar an tábhacht atá le hacmhainní a fhorbairt sna hospidéil eile i nGrúpa Saolta, agus leanfar ag forbairt an bhonneagair seo. Beidh an obair ag tosú ar Ionad Diabéiteas nua in Ospidéal na hOllcoile Sligeach maraon le bardaí Nua le 48 leaba a fhorbairt ansin. Tá tairiscintí á lorg againn chun Bardaí nua le 50 leaba a thógáil in Ospidéal Portiuncula agus beidh an obair thógála ag tosú I dtús 2020 agus tá súil againn go mbeidh an obair seo curtha i gcrích i 2022.  Tá an obair chóirithe a bhí ag teastáil de bharr na dtuilte ,críochnaithe anois in Otharlann Ollscoile Leitir Ceanainn agus beidh an t-otharlann ag tosú ar an obair phleanála is gá chun Aonad Duánach a fhorbairt. Beidh tuilleadh leabacha de dhíth in Ospidéal Ollscoile Mhaigh Eo agus tá tús curtha leis an gcéim phleanála don fhorbairt . Tá muid ag obair ar fhorbairt Aonad Athshlánaithe nua le haghaidh Ospidéal Ollscoile Ros Comáin.”

Mar fhocal scoil dúirt an Dr Pat Nash, “Tá forbairt an Ospidéil Roghnach á phlé againn le Sláintecare agus leanfar leis an bplé seo leo, agus leis an Roinn Sláinte agus le FnaSS ar bhonn náisiunta. Tá géarghá leis na forbairtí seo do phobal an Iarthair agus an Iarthuairscirt chun a chinntiú go bhfaighe siad an cúram is fearr sa todhchaí.”

Tá an dá cháipéis ar fáil ar shuíomh Saolta:

Options Appraisal Report
https://saolta.ie/documents/options-appraisal-saolta-model-4-hospital-services-0

Regional Elective Hospital Scoping Study
https://saolta.ie/documents/regional-elective-hospital-scoping-study

Teideal Pictiúir:
Antoin ó Ceannabháin POF, An tOll. Pat Nash, Príomhstiúrthóir Cliniciúil agus Ann Cosgrove Príomhoifigeach Oibríochtaí,  Grúpa um Chúram Sláinte, Saolta

The article above is specific to the following Saolta hospitals:: 
All Hospitals