You are here

Tá Pathfinder Gaillimh ag laghdú freastail ar an Rannóg Éigeandála do dhaoine scothaosta

Le bliain anuas, sheachain 476 othar scothaosta i réigiún na Gaillimhe turais gan ghá chuig an Roinn Éigeandála a bhuíochas d’an tseirbhís Pathfinder.

Is clár náisiúnta FnaSS é Pathfinder a bhfuil sé mar aidhm acu freastal ar an RÉ do dhaoine scothaosta a íoslaghdú. Seoladh an tseirbhís i nGaillimh i mí an Mheithimh 2023.

Is iad Ardpharaimhíochaineoirí sa tSeirbhís Náisiúnta Otharcharr agus foireann chliniciúil Teiripeoirí Saothair agus Fisiteiripeoirí ó Ospidéil Ollscoile na Gaillimhe a sholáthraíonn  an tseirbhís Pathfinder. Freagraíonn an fhoireann glaonna 999/112 do dhaoine scothaosta (os cionn 65 bliana d’aois).

Dúirt Máire Doyle, Speisialtóir Cliniciúil Fisiteiripe, “Tá critéir ar leith ann do ghlaonna Pathfinder; is othair iad seo nach bhfuil an-tinn, ach a d’fhéadfadh titim bheag, soghluaisteacht laghdaithe, pian droma nó comharthaí ionfhabhtaithe a bheith orthu. Cabhraíonn muid freisin chun réiteach a fháil ar fhadhbanna a bhaineann le caititéar phlúchta srl, gan an tseirbhis Pathfinder bheadh cóireáil ospidéil de dhíth i gcásanna mar seo.

“Nuair a fhreastalaíonn muid ar an teach, déanann Ard-Pharaimhíochaineoir agus Teiripeoir Saothair/Fisiteiripeoir measúnú ar an othar agus má tá sé sábháilte agus cuí cóireáil a chur ar an duine scothaosta sa bhaile agus téarnamh a fháil sa bhaile, tacaíonn muid leo é sin a bhaint amach.

Dar le Máire “Clúdaíonn an tseirbhís Cathair agus Contae na Gaillimhe go hiomlán, agus freastalaíonn an fhoireann ar ghlaonna chomh fada le Leitir Mealláin i gConamara Theas agus Dún an Uaimh in oirthear an Chontae”,.

Bliain tar éis an seoladh tá 585 measúnú um bhaile déanta ag Foieann Pathfinder acu agus d’éirigh leo 81% de na hothair seo a choinneáil slán sábháilte sa bhaile.

Labhraíonn Richard Percy as Corr an Dulla i gContae na Gaillimhe ar an taithí dhearfach atá aige faoin tSeirbhís Pathfinder. “Ghlaoigh mé ar otharcharr nuair a d’éirigh mé tinn sa bhaile agus tháinig an fhoireann Pathfinder amach díreach chugam. Rinne siad measúnú orm agus tar éis labhairt le mo dhochtúir bhí siad in ann mo chógas a athrú, rud a chabhraigh go mór liom.

Tamaillín ina dhiaidh sin bhí ceithre chuairt leantacha agam ó Fhisteirpeoirí Pathfinder chun cabhrú liom le mo théarnamh.  Chuir siad mé ar aghaidh freisin chuig an Ionad Sláinte Pobail i dTuaim, áit a bhfuilim ag fáil cúraim leanúnach. Is seirbhís iontach í Pathfinder."

Príomhghné den tseirbhís Pathfinder ‘sé comhoibriú  le Dochtúirí Teaghlaigh áitiúla agus le seirbhísí pobail agus deonacha chun a chinntiú go bhfuil rochtain ag an othar ar bhealaí eile cúraim. Tá tábhacht ar leith ag baint le Dochtúirí Teaghlaigh mar go dtugann siad treoir chliniciúil shaineolach agus go bhfuil siad in ann comhairle a thabhairt ar stair agus ar shláinte a
n-othar.

Is Dochtúir Teaghlaigh é Dr Charlie Cox in Ionad Leighis an Chaisleáin Nua, mhol sé foireann Pathfinder na Gaillimhe ag rá, “Tá ár dtaithí ar Pathfinder thar a bheith dearfach, maraon lenár n-othar. Cuireann an tseirbhís cúram agus measúnú tráthúil ar fáil d’othair leochaileacha ar bhealach iomlánaíoch agus téann sé sa bhreis ar an méid a iarrtar. Seo barrshamhail de shainchúram dírithe ar an othar.”

Dúirt John Joe Mc Gowan, Bainisteoir Ginearálta Oibríochtaí – Iarthar, sa Seirbhís Náisiúnta Otharcharranna, "Is samhail chruthaithe é Pathfinder a thairgeann conairí cúraim eile atá sábháilte do roinnt mhaith daoine scothaosta. Tá áthas orm go bhfuil NAS, seirbhísí ospidéil agus na seirbhísí pobail ag obair chomh maith le chéile i réigiún na Gaillimhe. Tá líon na
n-othar a fhanann sa bhaile an-ard le feiceáil againn le Pathfinder Gaillimh – ní raibh gá ach ag 80% de na n-othair a chonaiceamar cuairt a thabhairt ar RÉ laistigh de 7 lá ón measúnú agus ón idirghabháil.”

Mar fhocal scoir, dúirt Chris Kane, Bainisteoir Ospidéil GUH, “I gcás daoine fásta laga, d’fhéadfadh fanacht san ospidéal bheith mar chúis a neamhspleáchas a chailleadh chomh maith le  gá le cúnamh breise ar scaoileadh abhaile.  Má tá sé sábháilte agus cuí go ndéanfaí measúnú, cóireáil agus tacaíocht ar na hothair seo sa bhaile, is léir gurb é seo an toradh is fearr.

"Is sampla dearfach í an tseirbhís Pathfinder den chaoi gur féidir le h-obair comhtháite sa gcóras sláinte tacú le laghdú ar cuairteanna chuig an RÉ don ghrúpa othar seo; ag cabhrú le sreabhadh othar agus ag laghdú brú ar infhaighteacht leapa san ospidéal."

The article above is specific to the following Saolta hospitals:: 
University Hospital Galway (UHG)