You are here

Seolann Ospidéal Ollscoile Portiuncula aip ‘Little Journey’ do leanaí

Sheol  Ospidéal Ollscoile Portiuncula an aip réaltachta fhíorúil ‘Little Journey’ chun cabhrú le leanaí idir 3 agus 12 bliana d’aois, ullmhú le haghaidh máinliachta agus chun nach mbeidh siad imníoch faoi thréimhse a chaitheamh san ospidéal.

Is féidir leis na leanaí cuairt a thabhairt ar an ospidéal uilig le cabhair na haipe‘Little Journey’ radharc  chomh maith le eolas  úsáideach a fháil faoi ainéistéiseolaíocht atá in oiriúint d’aois an linbh.

Dúirt an Dr Vinod Sudhir, Ainéistéiseolaí  Comhairleach in Ospidéal Ollscoile Portiuncula, “Fíor-fheiniméan is ea imní réamhobráide i leanaí agus i dtuismitheoirí sula dtéann siad faoi ainéistéise ginearálta. Mar ghairmithe cúram sláinte aithnímid an tionchar a bhíonn ag  imní agus an tionchar diúltach fiseolaíoch a d’fhéadfadh a bheith aige ar chumas an linbh agus an tuismitheora dul i ngleic le himeachtaí a bhaineann le heispéireas anainéistéise agus máinliachta.

“D’fhéadfadh sé go mbeadh imní ar leanaí maidir le timpeallacht ildisciplíneach na hobrádlainne, a n-ionchas le himeachtaí, bualadh le daoine nach bhfuil  aithne acu orthu agus fiú eagla roimh phian. Is féidir le tuismitheoirí/caomhnóirí a leanaí óga a thionlacan chuig an obrádlann agus a fanacht in éineacht  leo le linn ionduchtaithe ainéistéise. Tagann cuid d’imní an tuismitheora ón eagla atá orthu roimh an anaithnid agus na céimeanna a bhaineann lena ról lena leanbh ag an am a théann a bpáiste faoi ainéistéise. Is féidir linn tosú ag ullmhú tuismitheoirí/caomhnóirí agus leanaí le haghaidh máinliachta agus a n-anacair a mhaolú Trí eolas a chur ar fáil tríd an aip, a úsáideann beochan a thacaíonn le leanaí,.

“Forbraíodh an aip ‘Little Journey’ chun  an chaoi a dtéann leanaí i dtaithí ar ospidéil a athrú agus iad a chumhachtú agus an t-eolas a theastaíonn uathu a thabhairt dóibh chun a n-imní a laghdú i bhformáid spraíúil idirghníomhach. Cuidíonn an aip le leanaí dul i dtaithí ar an ospidéal agus cabhróidh na seicliostaí áisiúla atá ann le teaghlaigh ullmhú sula gcaitheann a bpáiste tréimhse san ospidéal.

“Anuraidh tháinig méadú ar an éileamh ar ainéistéiseach ginearálta i leanaí mar gheall ar an méadú ar mháinliacht cásanna lae péidiatraiceach san ospidéal. Ba mhaith linn cabhrú le haon anacair a mhaolú má bhíonn ar  an leanbh teacht isteach le haghaidh máinliacht nó gnáthaimh imscrúdaithe."

Dúirt Martina Fallon, Mam le Diarmuid, “Bhí an aip iontach cabhrach do mo mhac Diarmuid. Bhí sé in ann a thaithí ospidéil a shamhlú san aip agus chabhraigh sé go mór leis agus liomsa ullmhú. Thaitin na carachtair agus na cluichí éagsúla leis agus d’imir sé na cluichí an bealach ar fad sa charr chuig an ospidéal. Is uirlis eolais  iontach é freisin do thuismitheoirí; thaitin sé go mór linn, is acmhainn iontach é.”

Dúirt James Keane, Bainisteoir an Ospidéil, “Is sampla iontach é  an aip ‘Little Journey’ de thiomantas na foirne ildisciplínigh – tá altraí foirne obrádlainne, baill foirne choimhdeacha sna obrádlanna, foireann aonad péidiatraiceach, ainéistéiseolaithe, máinlianna. , péidiatraiceoirí agus comhghleacaithe míochaine éigeandála ag obair le chéile chun a chinntiú go bhfuil leanaí agus a dtuismitheoirí in ann ullmhú le haghaidh máinliachta ar an mbealach is fearr is féidir.”

Is féidir an aip ‘Little Journey’ a íoslódáil saor in aisce ar Google Play Store nó App Store. Is féidir é a úsáid ar fhón cliste i 2D nó ag baint úsáide as gléas cinn réaltachta fhíorúil 3D. Tugann an aip deis do leanaí bualadh le carachtair bheoite cúram sláinte a mhíneoidh cad a dhéanann siad agus cad a tharlaíonn ar lá na máinliachta, breathnú ar chuid den trealamh a úsáidfear chun aire a thabhairt dóibh, tuilleadh eolais a fháil ar cad ba cheart a bheith dóibh a bheith ag súil leis ar lá a ngnáthaimh Is féidir dul ar thuras fíorúil go barda lae na leanaí, go dtí an seomra obrádlainne agus an seomra téarnaimh in Ospidéal Ollscoile Portiuncula.

Fotheideal grianghraf
Seolann Ospidéal Ollscoile Portiuncula aip réaltachta fhíorúil ‘Little Journey’ chun cabhrú le leanaí idir 3 agus 12 bliain d’aois, ullmhú le haghaidh máinliachta agus a n-imní a mhaolú roimh a dtréimhse san ospidéal. Ó chlé, Elizabeth Fitzgerald, Altra Foirne obrádlainne; Breda Brady, Éascaitheoir Scileanna Cliniciúla, Aonad Péidiatraiceach; Diarmuid Fallon 6 bliana d'aois as Órán, Co. Ros Comáin agus an Dr Vinod Sudhir, Ainéistéiseolaí Comhairleach.

The article above is specific to the following Saolta hospitals:: 
Portiuncula University Hospital (PUH)