You are here

Is Ospidéal na hOllscoile Gaillimh an chéad ionad a thosaigh ag úsáid taiscéalaí réabhlóideach blocála néaróige

Tá Ospidéal na hOllscoile Gaillimh (OOG) ar an gcéad ionad in Éirinn a thug isteach taiscéalaí blocála néaróige a úsáideann nítrigin leachtach chun néaroga a reo agus chun pian tar éis máinliachta a laghdú.

Seachadann an taiscéalaí blocála CryoNerve nítrigin leachtach ag teocht timpeall -190 céim ó bharr an fhearais le linn máinliacht ionrach.

Cuirtear an fearas seo ar an néaróg atá  faoi gach easna agus reonn sé iad , agus stopann sé iad ó theachtareachtaí a sheoladh go sealadach. Is ó na néaróga seo  a thagann an chuid is mó den phian tar éis máinliacht chliabhraigh, agus stopann an Cyronearve an néaróg ó theachtaireachtaí a sheoladh go sealadach.

Nuair a bhíonn sé reoite, leánn sé thar thréimhse míonna, ag laghdú pian in othair atá ag teacht chucu féin tar éis mór-mháinliacht.

Deir an Dr Alan Soo, Máinlia Comhairleach Cairditéarach in Ospidéal na hOllscoile Gaillimh, a thug an teicneolaíocht isteach go hÉirinn le haghaidh máinliacht chliabhraigh go bhféadfaí an fearas seo a úsáid le linn máinliacht chairdiach freisin.

“Tá sé léirithe ag an bhfianaise go bhfuil sé seo éifeachtach chun pian a laghdú agus nach ndéanann sé damáiste buan do na néaróga agus na struchtúir timpeall orthu. Baineadh úsáid as an ngléas seo i máinliacht chliabhraigh chun an néaróg idireasnach atá mar laige i bpian tóracsatóime a reo. Tá sé léirithe sa bhfianaise atá ag teacht chun cinn freisin go bhfuil sé éifeachtach i máinliacht chairdiach tar éis gearradh a dhéanamh sa chliabhrach.

“Ainmníodh OOG mar an chéad ionad chun an gléas seo a thabhairt isteach. D’úsáid muid an gléas ar  8 n-othar, go dtí seo. Tháinig feabhas mór ar phian iar-obráide gach othar a fuair an chóireáil seo chomh maith lena ngnáthstraitéis anailgéise agus ní raibh orthu an méid céanna ama a chaitheamh san ospidéal. Tá sé mar aidhm againn an straitéis seo leanacht maidir le othair atá ag fáil máinliacht chairdiach go luath,” a dúirt sé.

Ba Imelda Ryan-Jones as Sligeach an chéad duine a bhain leas as an bhfearas in Éirinn. Cuireadh obráid ar Imelda i mí Feabhra nuair a úsáideadh an fearas ar bhun na néaróga ina droim. “Is féidir liom a rá go hionraic nach raibh  aon phian orm ó rinne an obráid seo  ar mo dhroim,” a dúirt Imelda.

“Bhí an-phian orm i m’easnacha tosaigh, mar gur bogadh timpeall iad le linn na máinliachta, ach is mór an faoiseamh dom go raibh mo dhroim saor ó phian. Rinne mé dearmad beagnach go raibh sé ann agus d'éirigh go han-mhaith leis freisin. Molaim an nós imeachta nuálaíoch nua seo go mór agus bhí áthas orm a bheith rannpháirteach ann,” a dúirt sí.

Mhol Chris Kane, Bainisteoir Ospidéil na hOllscoile Gaillimh an fhoireann a thug isteach an teicníc nuálach seo.“Tá an-difear á dhéanamh do thaithí an othair de bharr an fhearais seo agus tá lúcháir orainn go bhfuil sé á úsáid  anseo i nGaillimh. Is sampla eile é den nuálaíocht cheannródaíoch atá ar siúl san ospidéal.”

The article above is specific to the following Saolta hospitals:: 
University Hospital Galway (UHG)