You are here

Iarrtar ar mhuintir na Gaillimhe fanacht ar an airdeall agus cloí leis na bearta sláinte poiblí chun cabhrú leis an víreas a choinneáil faoi smacht

Mar gheall ar meadú  tapa ar rátaí ionfhabhtaithe COVID-19 i nGaillimh, tá FSS ag obair i gcomhair leis an nGarda Síochána agus leis an Rialtas Áitiúil chun iarraidh ar an bpobal fanacht ar an airdeall agus cosc a chur le scaipeadh an víris sa bpobal.

Tháinig na trí phríomh-ghníomhaireacht le chéile chun aird a tharraingt ar chomh tromchúiseach agus atá an baol do shláinte an phobail i nGaillimh, áit a bhfuil méadú faoi dheich ar an ráta ionfhabhtaithe laethúil COVID-19 i gcomparáid leis an gcéad ráig.

Iarrtar ar mhuintir na Gaillimhe fanacht ar an airdeall agus cloí leis na bearta sláinte poiblí chun cabhrú leis an víreas a choinneáil faoi smacht.

Dúirt Tony Canavan, Príomh Oifigeach Feidhmeannach an Ghrúpa Saolta, atá freagrach as na hospidéil san Iarthar agus san Iarthuaisceart, "Ar an drochuair tá a lán daoine an-tinn againn in Ospidéil Ollscoile na Gaillimhe agus Ospidéil Ollscoile Phortiuncula agus is dócha go leanfaidh sé sin ar aghaidh nó b’fhéidir go rachaidh sé in olcas sna seachtainí amach romhainn. Táimid ag déileáil le méadú ollmhór ar líon na ndaoine a chuirtear isteach sna hospidéil agus tá brú suntasach ar acmhainní.”

“Is é an fócas atá againn, ar fud na n-ospidéal uile i nGrúpa Saolta, ná a chinntiú gur féidir le cúram sláinte sábháilte tapa, atá ar ardchaighdeán, leanacht ar aghaidh d’ainneoin an brú leanúnach. Táimid ag iarraidh ar an bpobal, áfach, an méid is féidir leo a dhéanamh chun beatha daoine a shábháil, cloí le bearta sláinte poiblí, fanacht sa mbaile agus teorainn a chur le teagmhálaithe mar go bhfuil tábhacht le gach iarracht a dhéantar.”

Ag cur le sin, bhí an méid seo le rá ag Chris Kane, Bainisteoir Ginearálta Ospidéal Ollscoile na Gaillimhe, "Tá meadú mór tagtha ar chásanna COVID-19 i bpobal na Gaillimhe le coicís anuas, tá beagnach 2,800 cás nua COVID-19 deimhnithe sa réigiún. Tá 129 othar againn a bhfuil COVID-19 orthu faoi láthair san ospidéal agus 11 n-othar ar cuireadh cóireáil orthu inár nAonad Dianchúraim. Ag buaic na chéad ráige, ba 18 othar le COVID-19 an líon ab airde inár n-ospidéil ag aon am amháin.”

“Tá a fhios againn go bhfeictear tionchar an mhéadaithe ar chásanna san ospidéal seacht go deich lá tar éis dóibh diagnóis a fháil agus mar sin táthar ag ullmhú le haghaidh méadú ar líon na n-othair sna laethanta agus sna seachtainí amach romhainn.”

“Tá an t-ospidéal faoi bhrú mór ach táimid ag déileáil leis, a bhuíochas sin d’iarrachtaí ollmhóra na foirne, go leor acu ag obair uaireanta breise chun leanacht ar aghaidh ag soláthair seirbhísí d’ardchaighdeáin. Anois, níos mó ná riamh, tá sé ríthábhachtach go bhfanfaidh daoine sa mbaile chun scaipeadh an víreas a chosc.”

Dúirt an Dr Breda Smyth, Stiúrthóir Sláinte Poiblí an Iarthair, "Tá Gaillimh ar cheann den bheagán contae sa tír ina bhfuil líon na gcásanna ag meadú; is é an ráta minicíochta ná 14 lá anois, 1,082 cás in aghaidh an 100,000. Ciallaíonn sé seo go bhfuil ionfhabhtú i ngach áit sa bpobal. Tá ráta na gcásanna ard go háirithe i dTuaim, i gCathair na Gaillimhe agus in Órán Mór i láthair na huaire.” 

“Ní mór dúinn an baol atá timpeall orainn a aithint. Cuimhnigh gur baol infhabhtaithe  gach duine a chastar orainn agus gur gá dúinn fanacht amach óna chéile. Is é an t-aon bhealach gur féidir linn stop a chur le scaipeadh an ghalair seo laistigh dár bpobal agus na cásanna a laghdú ná le h-iarracht mhór eile. Ní mór dúinn fanacht inár dtithe agus ár ngáirdíní agus gan aon chuairteoir a scaoileadh isteach inár dtithe.”

“Chomh maith leis sin, tá sé tábhachtach go gcuirfeadh duine ar bith a bhfuil comharthaí an choróinvíris orthu glaoch ar a ndochtúir teaghlaigh chun comhairliúcháin saor in aisce  a fháil agus go ndéanfadh siad féin-aonrú i gceart trí fanacht ina seomra chun cosc a chur ar scaipeadh an víreas laistigh den teaghlach, i measc a muintir.”

Dúirt Elaine Prendergast, Ceannasaí Seirbhíse do Dhaoine Aosta le Cúram Sláinte Pobail an Iarthair, "Ní mór dúinn leanúint ar aghaidh ag cosaint na daoine is leochailí sa tsochaí agus freagracht phearsanta a ghlacadh as sin a dhéanamh. Beidh tionchar ar ár mbearta agus má dhéanann muid an rud ceart dúinn féin beidh muid ag cosaint na daoine is gaire dúinn freisin, chomh maith leis an pobal níos leithne. Fan sa mbaile an méid agus is féidir agus lean oraibh ag cloí le comhairle sláinte poiblí agus le comhairle Rialtais.”

Leanfaidh  an Garda Síochána ar aghaidh leis na seicphointí seasta agus soghluaiste, chomh maith le patról feiceálach atá dírithe ar thaisteal neamh-riachtanach chun tacú leis an teachtaireacht Fan sa mBaile/Fan Sábháilte. Ón Luan 11ú Eanáir i leith, is féidir leis an nGarda Síochána an dlí a chur ar éinne atá ag sárú na srianta taistil faoi Rialacháin COVID-19 trí Fhógra Muirear Seasta de €100.

Dúirt an Príomhfheidhmeannach Tom Curley ó Rannóg Ghardaí na Gaillimhe, "Tá na bearta seo i bhfeidhm chun tacú leis an gcomhairle sláinte poiblí. Is é an bealach is fearr do dhaoine iad féin agus daoine eile a chosaint ná fanacht sa mbaile, agus comhairle sláinte poiblí a leanúint.”

“Smaoinigh sula dtéann tú isteach i do charr, an bhfuil do thuras riachtanach. Laghdaigh an líon daoine a chastar ort. Bíodh do chuid aclaíochta a dhéanamh agat laistigh de 5 km den bhaile. Tá an t-achar a thaistealaítear go dtí suíomh aclaíochta san áireamh sa 5 km seo.”

“Tá a fhios againn go bhfuil sé thar a bheith deacair dóibh siúd atá leochaileach nó scoite amach. Tá an Garda Síochána anseo chun cabhrú leat. Tá na Gardaí i nGaillimh agus ar fud na tíre ag cabhrú le daoine le tascanna laethúla ar nós oidis a bhailiú nó le siopadóireacht. Má theastaíonn cabhair uait nó má tá aithne agat ar dhuine a bhfuil cabhair uathu, déan teagmháil le stáisiún na nGardaí áitiúil.”

“Tá tacaíocht ollmhór an phobail do Treoirlínte agus do Rialacháin Sláinte Poiblí feicthe ag an nGarda Síochána. Tá formhór na ndaoine ag cloí leis an treoir maidir le sláinte phoiblí ar mhóríobairt agus gabhaimid buíochas leo as sin. Ní mór dúinn an cúrsa a sheasamh anois.”

Dúirt Brendan McGrath,Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, "Tá sé de dhualgas ar gach duine againn i gCathair na Gaillimhe a bheith ar an eolas agus cloí leis na treoirlínte agus na leis na cosaintí atá i bhfeidhm maidir le sláinte poiblí, ionas nach millfear an t-iarracht a rinneadh roimhe seo le COVID-19 a chur faoi chois. Is é ‘Fan sa mBaile’ an bealach is éifeachtaí le coinneáil slán.”

“Agus tú ag fágáil an baile ar chúis riachtanach, tá sé ríthábhachtach cloí le scaradh sóisialta agus dea-chleachtais sláinteachais agus tú ag siúl ar shráideanna, siúlbhealaí nó spásanna poiblí eile. Leanfaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar aghaidh ag obair go dlúth le seirbhísí túslíne agus seirbhísí éigeandála sa chathair agus tabharfar cúnamh dóibh chun muintir na Gaillimhe a chosaint ag an am ríthábhachtach seo.”

“Tá an Líne Chabhrach Ghlaonna Pobail i bhfeidhm seacht lá na seachtaine ar 1800 400 150 chun cabhrú leo siúd nach féidir leo an baile a fhágáil nó dóibh siúd a bhfuil cabhair ag teastáil uathu. In éineacht, is féidir linn a chéile a choinneáil slán sábháilte agus na leibhéil ionfhabhtuithe a ísliú i nGaillimh.”

Dúirt Kevin Kelly, Príomhfheidhmeannach (Eatramhach), Comhairle Chontae na Gaillimhe, "Aithnímid go bhfuil tionchar ag ráig COVID-19 ar shaol agus ar ghnáthchúrsaí an lae, ar go leor bealaí ar na daoine, ach is léir anois níos mó ná riamh, nach mór dúinn ár n-iarrachtaí uile a dhúbailt arís agus ár ndícheall a dhéanamh fanacht slán, tacú lenár n-oibrithe túslíne, lenár seirbhísí sláinte a chosaint agus beatha daoine a shábháil.”

“Bhí sé riachtanach dúinn go léir athrú a dhéanamh ar an mbealach ina bhfuil muid ag maireachtáil, ach ní mór dúinn a bheith ar an airdeall chun stop a chur le scaipeadh an víris inár bpobail agus inár gcontae. Ní mór dúinn a chéile a spreagadh agus a neartú agus muid ag dúbailt ár n-iarrachtaí agus ár ndíograis arís chun fanacht slán, chun stop a chur le scaipeadh an víris agus chun beatha daoine a shábháil. Mar chontae bródúil agus láidir, déanaimis le chéile é. Ní neart go cur le chéile.” 

“Tuigimid freisin go bhféadfadh daoine a bheith imníoch agus scoite amach, ach tá cabhair agus tacaíocht ar fáil.  Glaoigh ar an Líne Chabhrach Pobail nó ar Saorghlao 1800 92 88 94 idir 9rn agus 5in, lá ar bith den tseachtain má tá  cabhair phraiticiúil nó tacaíochtaí sóisialta ag teastáil.” 

The article above is specific to the following Saolta hospitals:: 
University Hospital Galway (UHG)