You are here

Ceiliúradh ar mheantóirí altranais iontacha Ghrúpa Ollscoile um chúraim Sláinte Saolta

Rinne an Grúpa Ollscoile um chúraim Sláinte Saolta Lá Idirnáisiúnta na nAltraí a cheiliúradh an mhí seo caite trí aitheantas a thabhairt don mhéid a dhéanann ár meantóirí altranais chun tacú lenár gcomhghleacaithe nua.

Tionscnamh is ea Dámhachtainí Aitheantais Múinteora Saolta chun aitheantas poiblí a thabhairt do na haltraí sin a mbíonn an-tionchar acu ar ár n-altraí nua agus buíochas a ghabháil leo.

Is ionann múinteoireacht anseo agus tréimhse foghlama struchtúrtha, tacaithe ina nglacann altraí a bhfuil taithí acu an ról chun meantóireacht a dhéanamh ar altraí nuacheaptha agus cabhrú leo dul i dtaithí ar a bpost nua. Ó 2022, thosaigh breis agus 550 altra agus cnáimhseach nua ó thíortha thar lear sa ghrúpa Saolta agus bhain siad leas as an gclár oiriúnaithe agus teagaisc seo.

Dúirt Paul Hooton, Príomh-Stiúrthóir Altranais agus Cnáimhseachais; “Ar Lá Idirnáisiúnta na nAltraí ba mhaith liom an deis seo a thapú go pearsanta chun buíochas a ghabháil lenár n-altraí agus ár n-altraí faoi oiliúint ar fud an ghrúpa Saolta as gach rud a dhéanann sibh chun cabhrú le daoine eile gach uile lá. Táim thar a bheith bródúil as ár n-altraí go léir agus is é an rud atá cruthaithe ag na Dámhachtainí Aitheantais Múinteoireachta ná gur pobal éagsúil  muid de ghairmithe cumasacha, comhbhách a thugann uchtach agus misneach dár gcomhghleacaithe agus a a mhaireann ar scáth a chéile.

Dúirt Paul freisin “Tá a fhios againn go bhféadfadh sé a bheith dúshlánach dul i dtaithí ar thír nua, ionad oibre nua agus timpeallacht chliniciúil nua agus tá sé ríthábhachtach go mbeadh na tacaíochtaí cearta ar fáil chun cabhrú lenár gcomhghleacaithe nua. Cabhraíonn an meantóireacht le feidhmíocht agus táirgiúlacht freisin. Faigheann daoine léargas eile agus cabhraíonn sé seo lena bhféinmhuinín agus leis an sásamh a fhaigheann siad as a bpost.

Thar ceann fhoireann bainistíochta Saolta ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis na buaiteoirí go léir mar is eiseamláirí den scoth iad, agus léiríonn siad luachanna ceannaireachta agus comhbhá. Táim an-bhródúil as ár gcuid meantóirí go léir agus as ár gcomhghleacaithe altranais nua a ghlac páirt go fonnmhar sa gclár.”

Bhronn Paul Hooton, Príomh-Stiúrthóir Altranais agus Cnáimhseachais Saolta dearbhán, teastas agus gradam ar gach buaiteoir le linn an tsearmanais bronnta.

Buaiteoir Ospidéal na hOllscoile Sligeach: Maeve Dolan

D'ainmnigh an t-altra, Jeethy Koottalaparambil Shaju a meantóir an t-altra foirne Maeve Dolan, Leigheas 5 in Ospidéal na hOllscoile Sligeach, don ghradam. Dúirt Jeethy: “Bhí mo mhúinteoir Maeve an-mhaith dom le linn mo chláir oiriúnaithe. Ba seo an chéad uair dom a bheith ag obair i mbarda i mo ghairm altranais ach chabhraigh sí go mór liom. Tá aigne oscailte aici agus tá scileanna cumarsáide agus cliniciúla an-mhaith aici atá de dhíth ar altra ina gairm. Murach mbeadh muid cinnte faoi aon rud mhíneodh sí é láithreach. Le linn an ttseal oibre roinn sí an obair go cothrom agus thacaigh sí le gach duine, fiú ag na hamanna a ba ghnóthaí a bhí sí bhí sí ansin chun cabhrú linn agus chun a chinntiú go bhfuilimid ceart go leor. Spreagann sí sinn chun rudaí nua a fhoghlaim.”

Buaiteoir Ospidéal Ollscoile Ros Comáin: Gráinne Keaveney

In Ospidéal na hOllscoile Ros Comáin, bronnadh gradam meantóra ar Gráinne Keaveney san ospidéal. Is altra foirne í Gráinne i mBarda N.Treasa agus d’ainmnigh Jessica Okoro í. Dúirt Jessica: “D’ainmnigh mé Gráinne mar chuir sí ar mo chompordach mé agus thacaigh sí liom i ngach rud a rinne mé. Ón gcéad lá den mheantóireacht bhí sí an-chineálta, thug sí aiseolas dearfach agus cuiditheach dom le go leor tacaíochta ar cad ba ghá dom a fhoghlaim. Táim an-bhuíoch di.”

Buaiteoirí Ospidéal na hOllscoile Gaillimh: Therese Prendergast agus Soumya Rajan

Fuair ​​na haltraí Therese Prendergast agus Soumya Rajan na gradaim meantóireachta in Ospidéil na hOllscoile Gaillimh. Is altra foirne í Therese Prendergast san RÉ, agus d’ainmnigh Juben P. Baldeviso í don ghradam. Is altra foirne é Soumya Rajan i St Pat’s agus d’ainmnigh Dona Binoy agus Athira Sukumaran í. Dúirt Juben P: “Thosaigh mé mo chlár oiriúnaithe le croí neirbhíseach ach le aigne oscailte. Chuir Therese Prendergast ar mo shuaimhneas mé. Chuir sí fáilte romham agus gur ball den fhoireann  an aonaid mé. Bíonn sí an-díograiseach nuair a thagann sé chun oibre agus cinntíonn sí go bhfuil tú  páirteach sa phróiseas. Is féidir liom a rá gur altra an-oilte í agus go bhfuil taithí na mblianta anseo aici mar altra anseo agus thar lear. Tá a lán fuinnimh aici. Ba mhór an onóir dom í a bheith ina múinteoir agam ,léirigh sí anbhá leis na hothair go minic nuair a bhí mé ina cuideachta . Déanann sí an-iarracht chun an cúram is fearr a chur ar fáil  dá hothair.”

Dúirt Dona Binoy: “Bhí Soumya an-tacúil agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil léi as cabhrú liom le mo ghairm bheatha nua in OOG. Tá sárscileanna teagaisc aici agus ba mhór an tacaíocht í, tá an gradam seo tuillte aici i ndáiríre.”

Buaiteoir Otharlann na hOllscoile Leitir Ceanainn: Manjumol Thomas

In LUH, bhuaigh an t-altra Manjumol Thomas an gradam meantóra. Is altra foirne í Manjumol san Aonad Gearrfhanachta, agus d’ainmnigh Pardon Chimyoka í. Dúirt Pardon: “D’ainmnigh mé Manjumol don ghradam seo mar léirigh sí leibhéal ard aibíochta agus foighne le linn mo shé seachtaine meantóireachta i gcónaí. Thaispeáin sí gach rud teoiriciúil nó praiticiúil a theastaigh uaim dom. Tá an- eolas agus foighne aici agus is ceannaire nádúrtha í. Bhí sí le mo thaobh go minic agus ligfeadh sí dom rudaí a dhéanamh mé féin  . Tugadh aiseolas dom le linn agus tar éis gach seal agus chabhraigh sí go mór liom.”

Buaiteoir Ospidéal na hOllscoile Mhaigh Eo: Chelsea Bourke

Bronnadh an gradam meantóra in Ospidéal Ollscoile Mhaigh Eo ar an altra Chelsea Bourke. Is altra foirne í Chelsea i mBarda D, agus d’ainmnigh Shyona Shelly í don ghradam. Dúirt Shyona: “D’ainmnigh mé Chelsea don ghradam seo cuir sí meascán foirfe oideachais, maoirseachta agus tacaíochta ar fáil dom. Le tacaíocht Chelsea mhothaigh mé go raibh an chumhacht agam gan éirí ró-chompordach agus bhí mé in ann mo chuid oibre a dhéanamh níos fearr le hothair. Bhí eiseamláir iontach agam agus ba mhaith liom a bheith cosúil leí agus cúram á thabhairt agam d’othair.”

The article above is specific to the following Saolta hospitals:: 
All Hospitals