You are here

Ceapann Ospidéal na hOllscoile Portiuncula Cnáimhseach Tacaíochta Méala

Tá áthas ar Ospidéal Ollscoile Portiuncula a fhógairt go bhfuil Leanne Norton ceaptha mar Chnáimhseach Tacaíochta Méala don ospidéal. Tá saineolas cliniciúil fairsing ag Leanne agus tá taithí aici ar chomhairleoireacht maidir le saincheisteanna méala neamhchasta.

Ghnóthaigh Leanne a céim Altranais in 2008 ó Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne. Fuair sí taithí luachmhar mar Altra Foirne in Ospidéal San Séamas, Baile Átha Cliath agus ba le linn an ama sin a chur Leanne snas ar a scileanna comhairleoireachta neamhfhoirmiúla agus chinn sí díriú ar chúram méala mar gairm beatha.

In 2012 chuir sí tús le hArd-Dioplóma sa Chnáimhseachas in Ospidéal an Rotunda i gcomhar le Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Tar éis roinnt blianta ag obair in Ospidéal an Rotunda, d’fhill Leanne mar Chnáimhseach san Ospidéal Réigiúnach Lár Tíre sa Mhuileann gCearr sular thosaigh sí ina post nua mar Chnáimhseach Tacaíochta Méala in Ospidéal Ollscoile Portiuncula.

Ag labhairt di faoina ról nua dúirt Leanne, “Is mór an phribhléid dom dul i mbun an róil nua thar a bheith tábhachtach seo. Mar Chnáimhseach Tacaíochta Méala tá mé in ann cúram agus tacaíocht a thabhairt do mhná agus do theaghlaigh a ghoileann toircheas, marbh-bhreith nó bás nua-naíoch orthu. Is údar mór bróin é bás linbh agus goilleann sé ar dhaoine ar bhealaí difriúla. Ba mhaith liom a bheith in ann an tacaíocht atruach, aonair agus íogair ó thaobh an chultúir de a theastaíonn ó m’othair agus a dteaghlaigh a chur ar fáil dóíbh.

Tabharfaidh an deis a bheidh agam oibriú go dlúth freisin leis an bhfoireann Tréadchúraim anseo san ospidéal an deis dom cur le heispéireas cuimsitheach, iomlánaíoch do gach teaghlach atá faoi bhrón.”
Dúirt Deirdre Naughton, Stiúrthóir Cnáimhseachais san ospidéal, “Is ball foirne an-phaiseanta agus comhbhách í Leanne a oibreoidh go dlúth lena comhghleacaithe chun a chinntiú go bhfaighidh tuismitheoirí cúram atá oilte go cliniciúil, atruach, comhsheasmhach, cineálta agus ómósach.”

Dúirt Bainisteoir an Ospidéil James Keane, “Tá lúcháir orainn fáilte a chur roimh Leanne go Portiuncula ina ról mar Cnáimhseach Tacaíochta Méala. Cuirfidh sí tacaíocht agus treoir bhreise ar fáil ina ról a chinnteoidh go mbeidh an tacaíocht atá ag teastáil ar fáil do mhná agus a dteaghlaigh sna cúinsí is deacra.”

The article above is specific to the following Saolta hospitals:: 
Portiuncula University Hospital (PUH)