You are here

Tugann Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh, aitheantas do Lá Domhanda an Mhurtaill

Ba é an 4 Márta, Lá Domhanda an Mhurtaill agus tá speisialtóirí sa tSeirbhís um Mhurtall in Ospidéal na hOllscoile Gaillimh i mbun feachtas feasachta ar théama na bliana seo  ‘Ag athrú córas ar mhaithe le saol níos folláine’.  Iarrann an feachtas ar dhaoine, páirt a ghlacadh sna hathruithe dearfacha a theastaíonn le dul i ngeic le murtall.

Deir an Dr. Sarah Summerville, Síceolaí Cliniciúil Speisialtóra in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh, nach raibh tuiscint iomlán ar nádúr casta an mhurtaill go dtí le gairid. Aithnítear anois, gur neamhord bitheolaíoch cliniciúil é, seachas léiriú ar éirim nó ar phearsantacht duine agus go bhfuil duine as gach ceathrar duine fásta in Éirinn ag fulaingt leis. Tá freagracht orainn ar fad, a bheith tuisceannach agus bainistiú a dhéanamh ar ár dtuairimí faoi mheáchan, tuairimí atá á múnlú leis na glúnta agus á gcothú ag na meáin agus ag tionscail éagsúla. 

Is í an aidhm atá againn lastigh den tSeirbhís Síceolaíochta Bairiatraí in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh, seirbhís síceolaíochta inrochtana, éifeachtach agus duinelárnach a chur ar fáil agus é mar sprioc sláinte, folláine agus caighdeán saoil daoine atá ag maireachtáil le murtall a fheabhsú. Tá an cúram síceolaíochta a thugtar dírithe ar na prionsabail fhianaisebhunaithe i dtaobh bhainistiú galair ainsealaí. Tá an cúram seo bunaithe ar thaithí saoil agus bogann sé ón gcur chuige róshimplí, sé sin, ‘ith níos lú agus déan níos mó aclaíochta’.

Is galar ainsealach casta, céimnitheach agus athiompaitheach é murtall a chuireann isteach ar an tsláinte fhisiciúil agus ar an meabhairshláinte araon.

Bunaíodh an tSeirbhís Speisialtóra um Mhurtall in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh in 2011 agus tá síneadh suntasach curtha leis faoi threoir Chlár Cliniciúil Náisiúnta um Mhurtall an FSS. Tá foireann ildisciplíneach ag an tseirbhís anois, lena n-áirítear; saineolas sna réimsí seo a leanas; síceolaíocht, leigheas, máinliacht, ainéistéitic, altranas, teiripe saothair, fisiteiripe, obair shóisialta agus diaitéitic.

Is mór an dul chun cinn é seo d’othair le mórmhurtall casta, ní hamháin go réigiúnach ach go náisiúnta, le hothair ag teacht ó cheann ceann na tíre.   Chuaigh an t-othar Corcaíoch, Aidan Dalton faoi obráid bhiariatrach in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh i mí Lúnasa 2023.

“Thug an fhoireann dóchas dom agus thug siad mo shaol ar ais dom.  Bhí mé ag cailleadh meáchain ach á chur ar ais orm féin arís.  Chuaigh mé chun cainte le Teach Croí agus an tOllamh Finucane agus chuir muid tús le rudaí.  D’athraigh an fhoireann anseo mo shaol, na dochtúirí, síceolaithe, diaitéiteach.  Bhí siad thar barr. Shábháil an t-altra Caitríona Lynch mo shaol, chonaic sí mé ar an runga is ísle i mo shaol”, a dúirt sé.

Is é éiteas na foirne cliniciúla seo, cúram cliniciúil neamhbhreithiúnach, caoithiúil agus comhbhách a chur ar fáil atá bunaithe ar fhianaise.

Tá béim láidir ar thaighde cliniciúil, a dhéantar a shólathar i gcomhpháirt le hOllscoil na Gaillimhe.  “ Coinníonn sé seo chun dáta muid leis na cóireálacha leighis is fearr, na cláir stíl mhaireachtála struchtúrtha is éifeachtaí agus na teicnící máinliachta um mhurtall is deireanaí”, a deir Francis Finucane, inchríneolaí comhairleach na foirne.  “Is dúshlán é i gcónaí, rochtain a bheith ar na cóireálacha leighis éifeachtacha seo, ach tá muid ag obair de shíor le dul i ngleic leis agus tá cúrsaí ag feabhsú.

Dúirt Chris Kane, Bainisteoir Ospidéil, Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh: “Tá sé tábhachtach aitheantas a thabhairt don obair iontach atá á déanamh ag ár bhfoireann Murtaill, a fheiceann tuairim is 2,000 othar nua gach bliain ó cheann ceann na tíre.”

Tá freagracht orainn mar lucht cúraim sláinte gairmiúil cinntiú go bhfuil tábhacht le gach teagmháil agus fáilitiú roimh chomhrá oscailte, neamhbhreithiúnach faoi mheáchan, díreach mar a dhéanfaimis faoi thinneas nó faoi riocht sláinte ar bith eile,” a deir Síle Ní Mháille, Teiripeoir Saothair Sinsearach na foirne.  “Má táthar  chun daoine a chumasú le stráitéisí éifeachtacha agus pleananna cóir leighis a théann i ngleic leis an iliomad cúinsí a chothaíonn murtall, caithfidh muid a bheith tuisceanach, i gcónaí”

Tá sé feicthe againn go gcuireann an náire agus an breithiúnas a thugtar go mór le stiogma an mheáchain agus go gcuireann sé bac ar dheiseanna fáis agus idirghníomhaithe. Ar Lá Domhanda an Mhurtaill 2025, iarrann muid ar gach duine suntas a thabhairt don ról atá ag córais, an murtall a chothú agus an chaoi ar féidir iad a athrú ar mhaithe le sláinte níos fearr do gach duine” a dúirt sí.

The article above is specific to the following Saolta hospitals:: 
University Hospital Galway (UHG)