You are here

Tá lúcháir ar Otharlann na hOllscoile Leitir Ceanainn a bheith páirteach i Magnet4Europe

Tá lúcháir ar Otharlann na hOllscoile Leitir Ceanainn (LUH) a bheith páirteach i dtionscadal taighde a bhfuil sé mar aidhm aige timpeallacht oibre níos dearfaí a chruthú d’altraí, agus an bhéim ar chleachtas altranais den scoth. Tá LUH ar cheann de 67 otharlann ar fud na hEorpa atá rannpháirteach sa tionscadal Magnet4Europe.  Is clár idirnáisiúnta é a dearadh chun cultúr sármhaitheasa a chruthú, agus sláinte agus folláine na n-altraí ina n-ionad oibre a fheabhsú.

Tá corpas mór fianaise ann a thugann le tuiscint go mbaineann otharlanna Magnet rátaí coinneála fostaithe níos airde amach, go mbeidh fonn níos lú ar dhaoine fágáil, laghdú ar líon na n-altraí atá clóite, leibhéil sástachta poist níos fearr, torthaí othar níos fearr agus sábháilteacht othar níos fearr. Tuairiscíonn otharlanna Magnet  torthaí cliniciúla níos fearr fosta le hothar ag caitheamh tréimhsí níos gairide san otharlann  agus rátaí laghdaithe athiontrála.

Tá an tionscadal Magnet4Europe á chur i bhfeidhm ar fud an AE, ó Éirinn go dtí an tSualainn. Tá sé d’aidhm aige an tionchar a bhíonn ag athdhearadh eagraíochtaí ar mheabhairshláinte agus folláine altraí agus cliniceoirí i suíomhanna otharlanna dianchúraim a mheas.

In LUH tá go leor oibre déanta chun an tsamhail Maighnéad a neadú san otharlann. Tá sé mar aidhm ag creat mhúnla Magnet a chinntiú go gcuireann beartais, nósanna imeachta, struchtúir agus tacaíochtaí na heagraíochta, folláine na foirne chun cinn agus go gcumhachtóidh sí an fhoireann chun cúram den scoth a chur ar fáil do na h-othair. Tá sé tábhachtach go spreagtar an fhoireann chun teacht ar acmhainní agus go bhfuil a fhios acu cén doigh leis na hacmhainní a fháil. Reáchtáil an t-otharlann  lá eolais don fhoireann faoin raon leathan tacaíochtaí foirne atá ar fáil cheana féin agus aiseolas a fháil ar bhealaí le  tacú le folláine na foirne.

Cinntíonn tionscnaimh ar nós seoladh suaitheantais LUH Rainbow, Lá na hAfraice agus Lá Idirnáisiúnta na nAltraí go bhfuil cultúr éagsúla agus cuimsitheachle feiceáil laistigh den eagraíocht agus go mothaíonn an fhoireann go bhfuil siad páirteach ann, go n-aithnítear iad agus go bhfuil meas orthu. Baineann pleananna eile le barrfheabhsú cumarsáide agus a bheith níos nuálaí sa dóigh a roinntear eolas leis an fhoireann, bealaí nua a aimsiú chun éachtaí a aithint agus a cheiliúradh, feabhas a chur ar chumais cheannaireachta na naltraí  agus deiseanna oideachais a chur ar fáil bunaithe ar  riachtanais na foirne.

Díríonn an ‘Cumhachtú Struchtúrtha’ den tsamhail Magnet ar thacaíocht a chur ar fáil d’altraí chun go dtig leo a bheith páirteach sna cinntí a  bhíonn tionchar acu ar  ar a gcuid oibre achan lá. Déantar é seo trí altraí chliniciúla a bheith ar choistí agus ar ghrúpaí oibre otharlanna agus frid chomhairlí cleachtais ghairmiúla a bhunú do ghráid éagsúla altranais.

Tá na comhairlí faoi threoir na naltraí  agus cuideoidh siad le hathruithe a chur chun cinn i Seirbhís Altranais LUH. Tig leis an fhoireann ceisteanna cúraim altranais a phlé agus teacht ar réitigh le chéile.

Ba í comhairle na n-altraí foirne an chéad coiste a cuireadh ar bun  agus tá tionchar dearfach aici cheana féin san otharlann. Ag labhairt dó faoin gcomhairle, dúirt Sean Murphy, Bainisteoir na hOtharlanna, LUH, “Tá sár-thraidisiún ag LUH maidir le barr feabhais altranais agus cleachtas feabhsaithe altranais a fhorbairt. Tá lúcháir orm a bheith ag obair le foirne altranais atá tiomanta agus a bhfuil comhbhá acu,ar fud na hotharlanna.

“Is léir go bhfuil an  clár Magnet ag cuidiú go mór le rannpháirtíocht ár bhfoireann altranais. Is tionscnamh cumasaithe í an chomhairle cleachtais altranais; cuireann sé ar chumas na foirne is mó a bhíonn teagmháil acu le h-othair a bheith páirteach  i bhforbairt cleachtais. Tá mé ag dúil go mór le bheith ag obair i gcuideachta ár bhfoireann altranais chun samhlacha feabhsaithe cúraim a fhorbairt san otharlann.”

Dúirt Cathy Whoriskey, Cathaoirleach Chomhairle na nAltraí Foirne agus Altra Foirne sa Rannóg Éigeandála; “I ndiaidh dom a bheith ag obair in otharlann Magnet  roimhe seo, tá lúcháir orm a bheith páirteach sa  tionscnamh iontach seo anseo in LUH. Cuirfidh an t-ardán a bhfuiltear ag súil leis le fada ar chumas altraí a bheith páirteach in athmhúnlú a a dtimpeallacht oibre. Spreagann Magnet oideachas agus forbairt gairme ag achan chéim, rud a fhágann go bhfuil níos mó neamhspleáchais ag altraí cois na leapa. Chan amháin go bhfuil altraí níos sásta ina gcuid oibre dá bharr seo ach, beidh cúram níos fearr á fháil ag na hothar ó altraí  .”

Mar fhocal scoir dúirt  Marie Callaghan, Comhordaitheoir Magnet LUH; “Tuigeann muid go maith go bhfuil an fhoireann altranais ag iarraidh a bheith níos rannpháirtí sna cinntí a théann i bhfeidhm ar a folláine, a dtimpeallacht cleachtais agus a gcleachtas cliniciúil. Ar an dóigh céanna, tugann na  comhairlí fá choinne na hABC-anna agus na haltraí cleachtais deis don fhoireann smaointe a roinnt agus tacaíocht a fháil óna gcomhghleacaithe. Is iontach an rud é an eagraíocht ag tabhairt lántacaíocht do na hathruithe seo agus go n-aithníonn sí an tábhacht a bhaineann le guth na foirne túslíne in LUH.”

 

The article above is specific to the following Saolta hospitals:: 
Letterkenny University Hospital (LUH)